Oibríonn an Dr. Ian Malcom, as an Lorgain i gcontae Ard Mhacha, mar aistritheoir/ateangaire agus saorcomhairleoir teanga. Ghlac a chuid sainleachtaí ar an Ghaeilge ó dhearcadh Protastúnach ar fud fad na hÉireann agus níos faide i gcéin é. Is tráchtaire rialta sna meáin Ghaeilge é Ian agus is craoltóir é freisin a d’oibrigh ar an raidió agus ar an teilifís le RTÉ agus BBC .
Thug Ian óráid spéisiúil ar phrotastúnaigh agus an Ghaeilge ag Aonach Mhacha mar chuid dár gceiliúradh do Sheachtain na Gaeilge 2022. Ar an oíche, sheinn na Orchard Ukes a leagan Gaeilge den tSais leis. D’eisigh an Dr. Malcolm léiriú físe den tSais ar YouTube ag iarraidh aird a tharraingt ar stair choiteann na Gaeilge. Bhí sé le feiceáil ina chlár fáisnéise iontach ‘Críochdheighilt’ roimh an Nollaig.
Tá a leabhar ‘Towards inclusion: Protestants and the Irish Language’ anois ar fáil i Siopa Macha. Déanann a leabhar na dearcthaí iontacha stairiúla seo a phlé, chomh maith le ról na Gaeilge i saol Thuaisceart Éirinn le déanaí.