Beidh an grúpa cnocadóireachta Siúil ag cur tús le clár 2020 dá siúlóidí míosúla le siúlóid dheas i nDearclaigh taobh amuigh den Chéide ar an Domhnach 19 Eanáir. Cuirfear tús le siúlóid an Domhnaigh i sráidbhaile Dhearclaigh ar 11am in aice leis an seanmhuileann agus déanfaidh sé a bhealach a fhad leis na cónairí nua iontacha ag coill Dhearclaigh.
Más fearr leat siúlóid níos giorra, is féidir bualadh leis an ghrúpa ag an bhealach isteach chuig an choill ar Bhóthar Lóiste an tSléibhe. Tá an-éileamh ar na siúlóidí sa choill ó osclaíodh anuraidh iad, a bhuí le cosáin ghalánta cois Abhainn na Caille, a éiríonn ag Loch Thulach na bhFód atá in aice láimhe. Tá sárobair déanta ag Cumann Pobail Tuaithe Dhearclaigh lena chinntiú go raibh rath ar na siúlóidí seo agus tá siad i ndiaidh Gleann na Síóg a oscailt sa choill fosta.
Tá clár siúlóidí na bliana le deimhniú go fóill, agus an chéad cheann eile beartaithe don Satharn 8 Feabhra, agus beidh siúlóidí ar fud na cúige, chomh maith le cuairt ar shléibhte Chill Mhantáin. Más mian leat siúlóid ar leith a mholadh, déan teagmháil le sean@cairdeteo.com.