Márta 15, 2022

Seoladh Leabhair : ‘Pluid – Scéal na mBlocanna H 1976-81’ le hEoghan Mac Cormaic

 

 

Chuir muid fáilte roimh Eoghan Mac Cormaic chuig Cultúrlann Aonach Mhacha lena leabhar ‘Pluid – Scéal na mBlocanna H 1976-81’ a sheoladh. Bhí scaifte breá i láthair lena scéal a chloisteáil. Agus é faoi ghlas sna Blocanna H, chaith sé 1,960 lá ar an agóid seo: 1,580 lá ‘ar an phluid’ agus stailc níocháin, agus 380 lá ar stailc oibre i ndiaidh na stailceanna ocrais. Cuireann sé síos  ar an saol sna Blocanna sa leabhar, idir gháire agus ghruaim.  40 bliana i ndiaidh na n-agóidí, seo an chéad uair go bhfuil scéal na mBlocanna H á insint as Gaeilge. Míle buíochas le hEoghan as teacht.

Nuacht & Meáin

01 Lúnasa

Gaeilge Sa Chlub 2023-2024

Aonach Mhacha
26 Iúil

Dioplóma sa Ghaeilge in Aonach Mhacha

Aonach Mhacha
25 Iúil

Camino Mhacha

Aonach Mhacha