Ba dheas an ócáid í i gCultúrlann Aonach Mhacha an seoladh leabhair ‘Gael Linn i gCúige Uladh: Slis den Saol 1953-1970’ Le Pádraig Ó Baoighill.
Rugadh agus tógadh Pádraig Ó Baoighill i Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill. D’fhreastail sé ar Mheánscoil Naomh Adhamhnáin, Leitir Ceanainn 1948–52 agus ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath san caogaidí.
Ba le linn dó a bheith ag obair le Gael Linn sna luathbhlianta (1953–54) a thosaigh sé ag scríobh do Comhar agus ó bheith ag imirt le foireann Ciceam, BÁC chuaigh sé ag scriobh don Gaelic Weekly, Gaelic Sport agus Hogan Stand.
Nuair a bhí sé ag obair le Gael Linn i gCúige Uladh (1954–1970), chuir sé altanna Gaeilge ar fáil ar feadh seacht mbliana don Irish News, chomh maith le bheith ag scríobh go rialta do An tUltach.
Nuair a d’éirigh sé as a a phost mar Bhainisteoir Margaíochta le Gael Linn i 1992 chuaigh sé ag scríobh go lán-aimseartha, agus foilsíodh a chéad leabhar gearrscéalta An Coileach Troda (Coiscéim).
I measc na leabhar atá scríofa ó shin aige tá: Nally as Maigh Eo (Coiscéim, 1998), beathaisnéis an fhínín stairiúil as Balla, Co Mhaigh Eo, a bhfuil ainm an ardán i bPáirc an Chrócaigh ainmnithe ina chuimhne agus a raibh dlúthbhaint aige le bunadh Cumann Lúthchleas Gael.
Thug sé faoi mhórán taighde in Albain ar Robbie Burns agus foilsíodh an leabhar toirteach File Náisiúnta na hAlban: Rabbie Burns — An Nasc le hÉirinn (Coiscéim, 2015).
Dhírigh an leabhar Ó Ghleann go Fánaid (Coiscéim, 2000 & 2008) ar shaol na Gaeltachta i dTír Chonaill, agus ina dhiaidh sin chraolaigh sé an clár Dúchas ar chainteoirí as na breacGhaelachtaí ar Raidio na Gaeltachta (2000 & 2018). Ba An Capall Dubh agus Scéalta Eile (Coiscéim, 2018) cnuasach gearrscéalta ina bhfuil cuid mhaith acu suite i saol na Gaeltachta.