Bhí an t-ádh dearg orainn oíche Déardaoin seo caite teacht le chéile le bheith ag éisteacht le scéalta ó díolaim Bláth na dTulach. Gabhaimid buíochas le Réaltán, Réamonn agus Seán as a bheith i láthair linn agus léargas a thabhairt dúinn ar na scéalta s’acu féin. Gabh chuig www.blath.ie le teacht ar leagan digiteach de théacs na scéalta agus le héisteacht leis na scéalta á n-aithris ag léitheoirí éagsúla i bpodchraoladh rialta le Réaltán.