Márta 14, 2023

Sárcheolchoirm Three for the Road!

Oíche den scoth a bhí ann le Three for the Road ar 26ú Feabhra! Tá aitheantas idirnáisiúnta ar an tríréad ag seinm in áiteanna mór le rá, agus anois tá sárcheolchoirm déanta acu in Aonach Mhacha!!

Míle buíochas leis na ceoltóirí Tim Edey, Gino Lupari agus Dermot Byrne leis an ceoil, craic agus dea chuideachta, agus iad ag seinm gach cineál huirlis ar ardán s’againne! Buíochas eile le Gerry Logue as an obair crua a rinne sé le fáil réidh den oíche fosta! Ádh mór an an cuid eile den turas atá fágtha!

Tá muid uilig chomh buíoch le Shannon Ní Chléirigh, ár n-Oifigeach Ealaíne agus Imeachtaí, chun imeacht seo a eagrú dúinn, Cáit Ní Choirbhín, ár n-Oifigeach Forbartha Gaeilge, agus an fhoireann i gCaifé Mhacha as a chuidiú ar an oíche.

 

 

Nuacht & Meáin

15 Márta

Turas Scoile chuig an Phláinéadlann le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh

Aonach Mhacha
14 Márta

Seoladh Leabhair le Myra Zeph in Aonach Mhacha

Aonach Mhacha
31 Eanáir

Turas chun na Gaeltachta

Aonach Mhacha