Bhí an t-ádh dearg orainn in Aonach Mhacha go raibh muid ábalta sárcheoltóirí ar fad a óstáil sa chultúrlann ar an 17ú Meitheamh. Tharraing an cheolchoirm de chuid Máirtín O Connor ar an bhosca ceoil, Cathal Hayden ar an fhidil agus ar an bhainseó agus Kevin Doherty ar an ghiotár is ag canadd, na sluaite isteach de réir nach raibh ticéid ar bith fágtha. Tá aitheantas idirnáisiúnta ar an tríréad ag seinm in áiteanna mór le rá ar nós Áras Ceoldrámaíochta Sydney agus an Ionad Siansa i Nua Eabhrac.
Buíochas leis na ceoltóirí óga a sheinn roimh ré, Róise agus Eimear McGeary, Danú agus Rioghnach McKinney agus Cadhla Tohill, ceoltóirí a bhfuil duaiseanna Scór na nÓg bainte acu, ó chlub Ropairí na Madáin. Buíochas fosta le Clann Mhic Gabhainn as an ócáid speisialta a eagrú agus leis na mná ó SEACHT agus ó CAIRDE Teo as bhur gcuidiú ar an oíche í féin. Oíche dár saol a bhí ann!