Bealtaine 20, 2022

Réamonn Ó Ciaráin ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach nua ar Ghael Linn

 

 

 

D’fhógair Bord Stiúrtha Gael Linn le déanaí go bhfuil stiúrthóir Aonach Mhacha, Réamonn Ó Ciaráin ceaptha mar phríomhfheidhmeannach ar a n-eagraíocht. Thosaigh Réamonn ag obair le Gael Linn sa bhliain 1993, rinneadh bainisteoir de sa bhliain 2003 agus stiúrthóir Oideachais sa bhliain 2020. Tá trí leabhar scríofa aige ar Chúchulainn a d’fhoilsigh Gael Linn, chomh maith le hailt  eagsúla.

Is iomaí ról Oifigeach a bhí aige laistigh den Chumann Lúthchleas Gael ag leibhéal contae, chomh maith leis an choiste Náisiúnta na Gaeilge. Tá ceangal fada ag Réamonn le hIontaobhas ULTACH agus ceapadh ina cathaoirleach ar an bhord é sa bhliain 2019. Tá sé ina bhall de Bhord na nGobharnóirí i gChláiste Chaitríona, Ard Mhacha ón bhliain 2006, chomh maith lena bheith ina iar-chathaoirleach ar an iris Comhaltas Uladh, an tUltach. Tá Réamonn Pósta le Dolores agus tá beirt pháistí acu, Alana agus Caoilte.

Ag labhairt ar an cheapachán, chuimhnigh Gearóid Ó Machail, comhbhunaitheoir Aonach Mhacha, cara fadtéarmach agus comhoibrí le Réamonn ar a obair i gcur chun cinn na Gaeilge go háitiúil.

” Thosaigh mé ag obair le Réamonn breis agus 22 bliain ó shin agus i mo cháill mar chathaoirleach ar Chumann Pobail Dhroim Bhríde.

” Go mall sna 1990idí, thug mé cuairt air in Oifig Gael Linn ar Shráid na nGall Uachtar – an ghár den Chultúrlann úr, an áit inár oibrigh muid faoi dheireadh, le plé a dhéanamh ar

“Sular ceapadh mé mar Oifigeach Forbartha Pobail le Comhairle Cathrach agus Ceantar Ard Mhacha sa bhliain 2004, d’éirigh liom airgead a fháil trí scéim athnuachana comharsanachta DSD chun an chéad úrlar de choimpléacs Bhóthar na hArdeaglaise a fhorbairt ina shaoráid phobail do chuibhreannas Ard Mhacha Thiar. Thug mé cuireadh do Réamonn agus d’fhoireann Gael Linn oifig a ghlacadh san áis nua, áit ar oibrigh muid le chéile in oifigí in aice leo go dtí 2009.

“Thosaigh muid ar chomhoibriú ar reimse de thionscadail Ghaeilge lena n-áirítear Campa Mhacha atá mar scéim samhraidh do pháistí Ghaelscoile Ard Mhacha a bhfuil an-tóir uirthi go foill.

“Ba ghearr gur léir do Réamonn agus domsa go raibh pléan stratéiseach níos fadtéarmaí de dhíth chun freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge in Ard Mhacha atá ag teacht chun cinn , riachtanais na chéadta páistí agus a dteaghlach in earnáil na Gaelscoileachta. Sa bhliain 2008, chuir Réamonn agus mé féin cás gnó le chéile dár gcéad fhiontar sóisialta Gaeilge CAIRDE Teoranta, le meantóireacht agus cuidiú ó Chomfhiontar an Iúir agus Mhúrn.

“Ba é seo an chéad cheann de dhá chomharchumainn rathúla a chruthaigh muid le chéile. Tháinig an dara ceann, Cultúrlann Aonach Mhacha  sa bhliain 2011 agus ar deireadh thiar, tógadh an t-ionad Gaeilge saincheaptha £2.3milliún i gceantar na Seamlas i gCathair Ard Mhacha.

“Le linn mo chuid ama ar fad ag obair in earnáil na Gaeilge agus forbartha pobail in Ard Mhacha ó na 1990idí i leith, ba é Réamonn an t-aon duine leanúnach de thacaíocht, chomhoibriú agus spreagadh.”Tá go leor bainte amach againn in ár gcuid oibre lena chéile agus tá an Gaeilge agus an Chultúrlann nua álainn neadaithe i gcroílár an tsaoil chathartha agus cultúrtha i gcathair ársa Ard Mhacha.

 

“Cé gur chúis cheiliúrtha é athlonnú Réamonn chun na príomhchathrach chun dul i mbun a phost mar Phríomhfheidhmeannach Gael Linn agus  an t-aitheantas atá tuillte aige dá bhuanna eagraíochtúla agus bainistíochta, airíodh uaim in Ard Mhacha é , áit a thug muid aghaidh ar aislingí mhóra, an áit ina bhfuil straitéis déanta againn, gáire , áit a raibh muid i mbun comhgheilge agus fás mar dhaoine aonair inár róil faoi seach thar dhá scór bliain.

“Guíonn gach duine anseo in Aonach Mhacha gach ráth ar Réamonn lena ról úr amach anseo agus buailfimid leis go rialta mar stiúrthóir na heagraíochta le hobair le chéile chun ár n-áiseanna agus séirbhisí a fhorbairt agus a chur chun cinn ar son pobal na Gaeilge i gcathair na hArdeaglaise.

Guíonn gach duine anseo in Aonach Mhacha gach ráth ar Réamonn lena ról úr amach anseo agus buailfimid leis go rialta mar stiúrthóir na heagraíochta le hobair le chéile chun ár n-áiseanna agus séirbhisí a fhorbairt agus a chur chun cinn ar son pobal na Gaeilge i gcathair na hArdeaglaise.

 

“Ag labhairt ar a dúshláin nua, dúirt Réamonn : ‘Tá mé ag súil go mór leis an ról nua seo a ghlacadh in eagraíocht a raibh an oiread sin tionchair aici ar fheasacht  i leith na Gaeilge agus a hoidhreacht le beagnach 70 bliain. Tá foireann thiomanta chumasach ag Gael Linn agus fáiltím an ionchas a bheith ag obair go dlúth leo amach anseo chun cuspóirí Gael Linn a bhaint amach.”

Nuacht & Meáin

01 Lúnasa

Gaeilge Sa Chlub 2023-2024

Aonach Mhacha
26 Iúil

Dioplóma sa Ghaeilge in Aonach Mhacha

Aonach Mhacha
25 Iúil

Camino Mhacha

Aonach Mhacha