Eanáir 15, 2020

Ranganna Gaeilge ar ais in Ard Mhacha

Cuirfear tús leis an dara téarma de na ranganna Gaeilge ag Coláiste Chaitríona in Ard Mhacha Dé Céadaoin 15 Eanáir. Mairfidh an téarma 12 seachtain go dtí 8 Aibreán agus is é an costas ná £30 don téarma nó £15 do dhaoine gan tuarastal. Beidh rang ann do gach leibhéal foghlaimeora agus bíonn siad ar siúl i Sruth na Gaeilge ar chúl na scoile. Bealach isteach ó Bhóthar na Naíolainne/Bóthar Dhroichead na Caille.
Beidh an t-ardrang ar siúl oíche Dhéardaoin ó 7pm agus cuirfear tús leo Déardaoin 16 Eanáir ag Bothán na bhFear Ard Mhacha i Lána an Úmha os comhair na cultúrlainne úire. Beidh an rang ar siúl i gcultúrlann Aonach Mhacha a luaithe is a bheas sé ar oscailt sna seachtainí beaga romhainn.

Tá ranganna an Luain i mBeár an Iarnróid le Feardorcha Ó Tuathail ar ais fosta. Meánrang 7pm – 8pm agus bunrang 8pm – 9pm.

Beidh ranganna eile ar fáil sa chultúrlann úr fosta le freastal ar pháistí agus ar theaghlaigh.

Nuacht & Meáin

01 Lúnasa

Gaeilge Sa Chlub 2023-2024

Aonach Mhacha
26 Iúil

Dioplóma sa Ghaeilge in Aonach Mhacha

Aonach Mhacha
25 Iúil

Camino Mhacha

Aonach Mhacha