Tháinig SC Embroidery agus Aonach Mhacha i gcomhar le chéile agus chuir siad ceardlann ar siúl do pháistí scoile áitiúla!
Thug na ranganna deis don chruthaitheacht agus don Ghaeilge teacht le chéile ar bhealach spraíúil, le gach rannpháirtí ag dearadh agus ag fuála geansaí a bhí dílis dá stíl! Míle buíochas le Shannon ó SC Embroidery, agus Mary ó SEACHT as é seo a chur le chéile!
Le dhá sheisiún de dhearadh, fuála, gáire agus comhrá, ar fad trí mheán na Gaeilge, ní féidir an rath a shéanadh agus tá an dara tráthchuid san fhéilire cheana féin! Coinnigh súil amach agus ná caill do sheans a bheith ina SÁSTA.