Gwych. Roeddwn i’n mynhau’r cerddoriaeth yna. Diolch yn fawr i chi.
Anois a chairde, is fúmsa atá sé deireadh a chur leis an chuid seo den lá roimh chraoladh Bladhaire, a bheas ag dul amach beo ar Raidió na Gaeltacha ó 3 a chlog ar aghaidh.
Ba mhaith liom tosú le buíochas a ghabháil leis na ceoltóirí uilig a bhí linn inniu a chur scoth na siamsaíochta ar fáil. Tha sinn cho taingeil gun robh ar caridean bho Alba ann an seo an-diugh. Tha sinne mar Aonach Mhacha cho moitail as an ceangail a tha ann eadar na duthaichean agus na cananan agus tha sinn an dochas gum bidh a Ghaidhlig ri chluintinn anns a togalach seo gu tric. Moran taing. Gabhaim buíochas ar leith le Brian, Eithne, Ciarán agus le ceoltóirí Phíobairí Ard Mhacha, chan amháin as na socruithe uilig a dhéanamh inniu ach as an chairdeas buan. Buíochas fosta le Cleamairí Ard Mhacha as a ndéanann siad lenár gcultúr ársa Gaelach a chaomhnú. Ba mhaith liom an deis seo a thapú fosta le buíochas a thabhairt do John Hesketh agus dona fhoireann ag Production Ireland as na háiseanna iontacha atá againn in san amharclann seo agus as achan rud atá déanta acu lena chinntiú go n-éireodh leis an lá seo. Don ócáid áirithe seo, gabhaim buíochas leis na h-urraitheoirí fiala a thacaigh linn le costas an lae a choinneáil íseal ar dream deonach atá ag toiseacht amach ar an saol inniu. Buíochas le Rialtas na hÉireann agus lenár nArdmhéara Maella Campbell, le Píobairí Ard Mhacha, le Malachy O’Neill as Red Ned’s, le Toni Hughes agus le Seachtain na Gaeilge.
Ba mhaith liom buíochas a thabhirt do na maoinitheoirí uilig atá linn inniu agus a thug tacaíocht ollmhór dúinn le h-ardeaglais na Gaeilge a thógáil anseo díreach idir an dá fhoirgneamh galánta ar achan taobh dúinn. I would like to thank all of our funders, who ensured that the Irish language will have a lasting home in the ancient capital of Gaelic Ulster. Thank you to our lead funders, the Department for Communities and in particular to Phelim Maguire, whose backing, support and advice, along with that of his colleagues in DCAL, DfC and CPD encouraged us as volunteer directors to persevere and arrive at this historic moment. To former DCAL minister Carál Ní Chuilín, we are extremely grateful for your personal support, which inspired us to keep going and to former minister Paul Given who approved additional spend and of course to current Minister Deirdre Hargey who showed great enthusiasm for the project. Go raibh mile maith agaibh triúr.
Tá muid buíoch fosta do Chiste Infheistíochta Gaeilge as an tacaíocht iontach ón chéad lá riamh. Buíochas le Caoimhín a shuigh ar an Bhord Tionscadail agus a bhí ar aon dul linne mar stiúrthóirí, ag cinntiú go raibh túsáite i gcónaí ag an Ghaeilge sa tionscadal seo. Buíochas fosta le Rialtas na hÉireann as an tacaíocht a thug siad don togra agus tá muid ag dúil go mór lena bheith ag comhoibriú libh mar chomharsana sa Chomhaireacht Thuaidh Theas ar Shráid na nGall. Thank you to the Garfield Weston Foundation, whose excitement and enthusiasm for the project reminded us of the scale of our undertaking. To Armagh, Banbridge and Craigavon Council who contributed to the overall fund and to Denise, Dianne and other officers who assisted us over the duration of the project.
Buíochas ar leith le hIontaobhas Ultach, le Gael-Linn agus le Naíscoil Ard Mhacha as an infheistíocht sa tionscadal agus as an tacaíocht mhór a thug siad dúinn ón chéad lá riamh. Thanks also to Stephen Mc Clelland, whose initial mentoring helped shape our vision, and to Invest NI for the support. Thanks also to the Department for Communities and to the Irish Government who contributed to the fitout of the rooms here. Buíochas fosta le Foras na Gaeilge a chuidigh linn le cuid den trealamh sa seomra áirithe seo a fháil.
Cé go raibh coiste beag gníomhach againn mar Aonach Mhacha, ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár mBord Tionscadail, lenár gCoiste Stiúrtha agus lenár gCoiste Comhairleach. On behalf of the directors, I’d like to thank our Project Board members including Sam, Sarah, Tomás, Phelim, James and Emma and representatives from our funders; to the Steering committee and ICT team including the two Seáns, Tony, James and Ian and to our advisors who kept us right, Fionnuala, Tada, Ursula, Gerard, Mark, Meghan, Póilín, Ian, Ann, Liam and our former Lord Mayor, Cathy. As we stand in this beautiful building, we as Directors would like to thank Brendan Loughrans and sons and all of the many sub-contractors who completed the work here. We are indebted to you for the high standard of work which is evident right throughout the building.
We as directors would also like to thank our political representatives for their lobbying and support over the years, including our MPs, our MLAs and local councillors, current and past. Go raibh mile maith agaibh. Chomh maith leis sin, tá buíochas ar leith tuillte ag na h-oibrithe deonacha uilig, go háirithe an meitheal a chuir an áit seo le chéile le cúpla seachtain. Míle buíochas le Mark, Gearóid Mac Giolla Fhaoláin, Máire, Shannón, an bheirt Tiarnán, Colm, James agus Stiofán. Thank you also to ACDC Signs for all that they have done, to Mark and those who have supplied all of the furniture, fixtures and equipment which you will see throughout the entire building.
Ar ndóigh, ar son na stiúrthóirí uilig, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na daoine sin agus leis na h-eagraíochtaí uilig a oibríonn agus a d’oibrigh ar son na Gaeilge in Ard Mhacha agus sa cheantar máguaird. Tá an oiread acu ann nach féidir iad a ainmniú go h-aonárach ach tá borradh faoin Ghaeilge anseo sa chathair le breis agus 50 bliain. Gabhaim buíochas leis na múinteoirí, ceannairí óige, treoraithe agus oibrithe deonacha uilig a choinníonn Cairde Teo á reáchtáil i rith na bliana agus leis an phobal uilig a thacaíonn linn.
Fosta, buíochas leis na scoileanna uilig as a dhéanann siad don Ghaeilge, idir naíscoileanna, Gaelscoileanna, an Sruth Gaeilge agus na scoileanna Béarla. Ar an drochuair, ní raibh an deis agam féin dul tríd an chóras Gaelscolaíochta ach ab é an grá agus an paisean a fuair mé ó mo mhúinteoirí féin sa Choláiste thuas, go háirithe Róisín de Faoite agus Áine Uí Choinn, ní bheinn ar an ardán seo inniu, agus tá mé fíorbhuíoch do na múinteoirí uilig sna scoileanna a chothaíonn an Ghaeilge agus a sholáthraíonn an deis dár ndaoine óga titim i ngrá lenár dteanga. Tá muid buíoch go háirithe do na daltaí ó Choláiste Chaitríona agus Coláiste Phádraig atá ag cuidiú linn inniu agus a bheas ar ais anocht.
Ar deireadh, gabhaim buíochas agus comhghairdeas le mo chomhstiúrthóirí Réamonn, Gearóid agus Áinín. Gabhaim buíochas fosta le hAntaine Ó Donnaile agus le Gráinne Nic Uíbh Aille as an ionchur a thug siad ag tús an aistir fhada seo. Agus mura miste, ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár dteaghlaigh fosta.
On behalf of my fellow directors, I’d like to offer a sincere thank you to our families. You may not realise it, but that excitement you showed at a photo or that wee word of encouragement was so powerful to us, especially when things weren’t going so well. Míle buíochas le clann Uí Chiaráin, le clann Uí Mhachail agus clann Uí Phronntaigh, le clann Uí Eachaidh agus clann Uí Chaiside agus le mo theaghlach féin, clann Uí Mhaoilsté. Tá brón orainn nach bhfaca sibh muid an oiread sin le trí nó ceithre bliana nó b’fhéidir gurbh fhearr dom a rá tá brón orainn go bhfeicfidh sibh muid níos minice as seo amach. Ach tá muid an-bhuíoch ar fad as an tacaíocht, as an fhoighid agus as an ghrá a léirigh sibh dúinn agus don tionscadal.
Cuimhnímid ceathrar inniu ar ghaolta agus ar chairde linn atá ar shlí na fírinne agus a bheadh lán bróid inniu. Go pearsanta, smaoiním féin inniu ar m’athair mór ach go háirithe a thug misneach dom i dtólamh leanstan leis an Ghaeilge agus tá mé cinnte go bhfuil sé lánsásta ag amharc ar an ócáid iontach seo.
Beidh an ceiliúradh á leanstan anseo ar feadh an lae uile agus tá fáilte mhór romhaibh fanacht linn nó teacht ar anocht. Seolfar ár suíomh idirlín úrnua a dhear Website NI agus seolfar físeán galánta a chuir Comhar na nOibrithe Cruthaitheacha le chéile dúinn. Agus beidh BBC Blas Ceoil linn ó 8pm.
Is leis an phobal uilig é an foirgneamh seo agus impímid oraibh úsáid agus sult a bhaint as. Tá an Ghaeilge slán in Ard Mhacha don chéad ghlúin eile agus le bhur dtacaíocht uilig, mairfidh sí go deo. Na Gaeil abú! Agus Gaeil Ard Mhacha abú! Go raibh maith agaibh.