Post Lánaimseartha 3 Bliana
Tuarastal: £11 san uair Uaireanta: Solúbtha
Dáta Thosaigh: 4 Iúil 2022
Tá Aonach Mhacha – Ionad Gaeilge agus Cultúrtha úrscothach ag soláthar deis bunléibhéil do dhuine cruthaitheach a bheith mar chuid dá bhfoireann bhríomhar, sholúbtha agus uaillmhianach sa Chultúrlann.
- Oibreoidh an tOifigeach Ealaíona ‘s Imeachtaí le raon eagsúil eagraíochtaí cultúrtha agus ealaíona chun a gcuid riachtanais a aithint agus tionscadail a oirúnú chun freastal ar na riachtanais sin.
- Déanfaidh an t-iarrthóir rathúil margaíocht go gníomhach agus poiblíocht ar thionscadail trí bhealaí digiteacha lena n-áirítear na meáin shóisialta, ardáin dhigiteacha agus an preas.
- Forbróidh an tOifigeach Ealaíona agus Imeachtaí buíon daoine gairmiúla ealaíon , grúpaí ealaíon pobail agus sólathraithe cultúir a fhostú nó le bheith ag obair leo agus Déanfaidh siad idirchaidreamh le héagsúlacht daoine agus eagraíochtaí lena n-áirítear údaráis áitiúla, scoileanna , comhlachtaí urraíochta saorghairmithe agus sainoibrithe.
- Tabharfaidh an tOifigeach Ealaíona agus Imeachtaí comhairle do ghrúpaí pobail agus cultúrtha maidir le tiomsiú airgid agus eagrú tionscadail. Comhlíonfaidh an t-iarrthóir rathúil dualgais riaracháin lena n-áirítear scríobh tairiscintí, tiomsú airgid agus bainistiú buiséid. Oibreoidh an t-iarrthóir rathúil le heagraíochtaí ealaíon agus cultúrtha eile ar fud na hÉireann chun dea-chleachtais a fhorbairt agus chun forbairt chomoibríoch agus eispéiris foghlama chomroinnte a chur chun cinn ar fud na hearnála.
- Déanfaidh an tOifigeach Ealaíona agus Imeachtaí imeachtaí ar leith a bhainistiú cosúil le féiltí agus tionscadail fhadtéarmach cur i gcás bunú, monatóireacht agus meastóireacht an tionscadail. Beidh an t-iarrthóir rathúil i gceannas ar straitéis margaíochta digiteach a dhíreoidh ar bhallraíocht dhigiteach a mhealladh ó bhuíon domhanda a ghinfidh ioncam míosúil dár n-eagraíocht.
Fáiltítear roimh thaithí roimh ré in earnáil na n-ealaíon cultúrtha ach níl sé riachtanach mar go gcuirfí oiliúint ar fáil.
Tá líofacht sa Ghaeilge scríofa agus labhartha riachtanach.
Seol CV agus litir chumhdaigh chuig eolas@aonachmhacha.com roimh 16:00 Aoine 27ú Bealtaine.
(Is ionad oibre a bhfuil cheardchumainn ann, is áit oibre comhoibritheach í le haontú cómhargáil)