December 22, 2020

NuachtLitir Aonach Mhacha 2020

 

Dia daoibh a chairde,

Nollaig Shona! Aonach Mhacha anseo lenar gcéad nuachtlitir riamh.

Táimid go maith agus sa spiorad na Nollag ag Aonach Mhacha. Ag tosú lenár n-imeacht darbh ainm “Scríobhann Daidí na Nollag ar ais!” Is féidir le do pháiste litir phearsanta a fháil ó Daidí Na Nollag as Gaeilge! D’éirigh go maith leis an imeacht seo, mar sin déan cinnte go síníonn tú isteach ar ár liosta seoltaí ionas nach gcailleann tú amach as an bhliain seo chugainn! Chomh maith leis sin, bhí daidí na Nollag anseo i Aonach Mhacha ar an sathran seo caite

Merry Christmas! Aonach Mhacha here with our first newsletter.

We are well and truly in the Christmas spirit at Aonach Mhacha. Starting with our promotional event called “Santa Claus Writes back!” which was very well received and many children got  a personal letter from Daidí Na Nollag as Gaeilge! This was a successful event so make sure you sign up to our mailing list so you don’t miss out next year! 

 


Cuid de na buaicphointí | Some of the highlights

Ba mhaith liom a rá ó nuair a raibh mé ag aois óg is cuimhin liom Seán ag obair ag Campa Mhacha. Ní bheidh sé mar an gcéanna gan é ann. Chruthaigh Sárán Ó Mhachail an físeán seo do Seán mar tá sé ag fhágail Cairde Teo le dul chuig phost nua sna meáin! Anseo thíos faoi an físeán tá píosa a scríobh Seán faoina laethanta anseo ag Cairde Teo agus faoi chruthú Aonach Mhacha.

I just want to say that from when I was a young age, I remember Seán working at Campa Mhacha. It will never be the same without him. Sárán Ó Mhachail created a video here for Seán because he is leaving Cairde Teo to go to a new job in the media! Here below the video is a piece that Seán wrote about his days here at Cairde Teo and the creation of Aonach Mhacha. 

Seán


“Tá deich mbliana caite ag Seán Ó Maoilsté ag obair le Cairde Teo mar Oifigeach Forbartha Gaeilge. Ó thosaigh sé sa ról, tá sé i ndiaidh aithne a chuir ar na céadta agus fiú na mílte ag ranganna Gaeilge, cúrsaí, clubanna óige, campaí samhraidh, imeachtaí teaghlaigh, cainteanna agus turais Ghaeltachta. Cé gur as Doire Mhic Cais i dtuaisceart an chontae é, tá aithne fhorleathan air in Ard Mhacha mar gheall ar an cheangal atá aige leis an Ghaeilge sa chathair ó thosaigh sé ag obair le Cairde Teo.

Cén uair ar thosaigh tú ag obair le CAIRDE Teo?

Thosaigh mé ag obair le Cairde Teo ag tús 2010. Is cuimhin liom bheith chomh sásta bheith ar ais in Ard Mhacha agus ag plé leis an Ghaeilge nó is in Ard Mhacha a d’fhoghlaim mé Gaeilge den chéad uair ar Choláiste Phádraig le múinteoirí iontacha, go háirithe Róisín de Faoite, Áine Uí Choinn agus Séamus Ó hEaráin.

Cad é a rinne tú sular thosaigh tú le CAIRDE Teo?

Chaith mé cúpla bliain sa státchóras ag obair sa Roinn Oideachas i mBeannchar mar Oifigeach Gaeilge, ag obair go sonrach leis an Aire Oideachais a bhí ann ag an am, Caitríona Ruane. Roimhe sin, bhí mé ag obair in earnáil na teilifíse Gaeilge agus dhírigh mé go háirithe ar aistriú scripte do shraith cartún ar RTÉ agus ag cur fotheidil Bhéarla ar chláracha Gaeilge ar TG4. Bhí dúil mhillteanach agam san obair ag an am agus tá mé ag dúil go mór leis an deis bheith bainteach leis an earnáil arís agus scéalta suimiúla a fhiosrú agus a chur ar an scáileán.

Cad é an chuimhne is fearr atá agat ón deich mbliana a chaith tú le Cairde Teo?

Caithfidh mé a rá gur thaitin gach gné den obair liom ó thosaigh mé ag obair le Cairde Teo. Chuir mé aithne agus rinne mé cairdeas leis an oiread sin daoine mar gheall ar an obair agus is mór agam an dóigh ar ghlac muintir Ard Mhacha liom nó mhothaigh mé i gcónaí go raibh mé mar chuid de theaghlach s’acu go háirithe na daoine a bhí sna ranganna a theagaisc mé féin, na páistí uilig ag na campaí samhraidh agus na clubanna óige agus na teaghlaigh ar fad a tháinig chuig turais agus imeachtaí. Tig lúcháir orm i dtólamh nuair a bhuailim le duine amuigh ar an tsráid, go háirithe na daoine óga a d’fhreastail ar chlubanna agus ar chúrsaí, agus stopann siad le comhrá a dhéanamh i nGaeilge.

Cad é an turas is fearr ó thosaigh tú le CAIRDE Teo?

Tá neart buaicphointí ó thosaigh mé sa phost agus tá sé fíordheacair teacht ar chuimhne amháin ach seasann go leor imeachtaí amach a chuir an oiread gliondar orm; Campa Mhacha thar na blianta: turais teaghlaigh, go speisialta turais Dhaidí na Nollag, ceann Inis Dairgreann nó Ram’s Island b’fhéidir ar an turas is fearr nó geamaireacht i gCultúrlann Bhéal Feirste: turais Ghaeltachta go Gaoth Dobhair agus dhá thuras le daoine óga chuig Inbhir Nis agus chuig an Oileán Sgitheanach in Albain; an mórshúil ceiliúrtha a d’eagraigh muid ag an chomhairle; an Lá Dearg i mBaile Átha Cliath agus, cé go raibh brú millteanach ann ar an lá agus ar na seachtainí beaga roimhe, lá oscailte Aonach Mhacha chomh maith.

Bhí deis agam spéiseanna nua a fhorbairt tríd an ról fosta nó níor shiúil mé ar chnoc ar bith sular thosaigh mé ag dul amach leis an ghrúpa Siúil, rud a spreag mé le tabhairt faoi dhúshlán beag pearsanta leis an phointe is airde in achan chontae sa tír a bhaint amach. Bhí deis iontach agam Gaeilge na hAlban a chleachtadh chomh maith trí thurais mhalartaithe agus trí imeachtaí ag an Fhéile William Kennedy a eagraíonn Píobairí Ard Mhacha agus tá spéis mhór agam arís sa nasc teangeolaíoch agus cultúrtha sin.

Cad é mar a d’athraigh stádas na Gaeilge in Ard Mhacha le deich mbliana?

Tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart in Ard Mhacha i rith ama. Tá an-ráchairt ar imeachtaí, ar sheirbhísí agus ar ranganna agus go háirithe ar an Ghaelscolaíocht agus anois tá a baile féin ag pobal na Gaeilge in Aonach Mhacha. Tá bród orm go raibh ról beag agam sa dul chun cinn seo chomh maith. Tá struchtúr dochreidte de ranganna forbartha anois agus tá sé deacair coinneáil suas leis an éileamh ollmhór do ranganna Gaeilge fiú, rud a léiríonn an t-athrú iomlán ar an mheas atá ar an teanga i measc an mhórphobail. Creidim fosta gur chuidigh mé le próifíl Ard Mhacha a ardú i measc Ghaeil na tíre leis na duaiseanna éagsúla a bhain muid thar na blianta agus bíonn daoine ó áiteanna éagsúla ag amharc ar Ard Mhacha mar shamhail dea-chleachtais do chur chun cinn na Gaeilge chomh maith.

Cad iad na pleananna atá agat don am atá amach romhat?

Tá mé ag dúil go mór le dúshlán nua sa bhliain úr agus mé ag bogadh go Macha Media agus deis iontach lena bheith ag plé le cláir teilifíse. Tá cláir ardchaighdeáin agus fíorshuimiúla léirithe ag Macha Media cheana féin agus tá mé ag dúil go mór le bheith bainteach leo. Ba mhaith liom cos a choinneáil i bhforbairt leanúnach na Gaeilge in Ard Mhacha go fóill agus tá súil agam anois go mbeidh faill agam freastal ar imeachtaí agus ar fhéilte le sult a bhaint astu, agus gan an brú céanna a bhaineann leis an eagrúchán uilig. Beidh mé go fóill thart ar Ard Mhacha agus tá mé cinnte de go bhfeicfidh mé go leor de na cairde a rinne mé ón tréimhse le Cairde Teo sa chultúrlann féin, ar shiúlóidí, ag an Parkrun, ag imeachtaí agus ag cluichí iománaíochta, peile agus camógaíochta ach go háirithe.”


Coinnigh suas chun datá mé – Keep me up to date 

Coinnigh súil amach do níos mó ceol beo, nuacht agus tá go leor rudaí eile ag teacht go luath! Táimid sásta le sibh a fheiceáil arís!

You can stay up to date with what’s on here. Keep a lookout for more live music, news and much more coming soon! We look forward to seeing you again!

Má chaill tú aon cheann dár n-imeachtaí, ná bíodh imní ort! Tá gach ceann díobh ar fáil le feiceáil ar ár leathanach Facebook agus cuntas YouTube agus gheobhaidh tú na naisc do gach imeacht thíos.

If you’ve missed any of our events, don’t worry! All remain available to view on our Facebook page and YouTube account and you’ll find the links for each event on our website.

 

An fhoireann Aonach Mhacha – The Aonach Mhacha Team 

Léigh tuilleadh ar ár suíomh Gréasáin – Read more on our website:

 

Tuilleadh eolais:

T: 0044 28 37998111

E: failte@aonachmhacha.com

© Aonach Mhacha

74-76 Sráid na nGall, Ard Mhacha, BT61 7LG

74-76 Upper English Street, Ard Mhacha, BT61 7LG

Related News

01 August

Gaeilge Sa Chlub 2023-2024

Aonacha Mhacha
26 July

Diploma in Irish in Aonach Mhacha

Aonacha Mhacha
25 July

Camino Mhacha

Aonacha Mhacha