Bígí Páirteach
Tá tacaíocht faighte ag an scéim ó Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, a thug túsáite d’Aonach Mhacha ina óráid chuig ceannairí gnó, ionadaithe tofa, oibrithe pobail agus uaisle Ard Mhacha agus é ar cuairt ar an chathair ar na mallaibh.
Cuireadh pleananna don lárionad chun tosaigh fosta i bhfíseán bolscaireachta a rinne an Ciste Infheistíochta Gaeilge agus a taispeánadh ar fud na hÉireann agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Bhí Aonach Mhachal le feiceáil ar roinnt tuairiscí nuachta agus teilifíse ar BBC, RTÉ, TG4 agus ar líne.
Tá stiúrthóirí an tionscadail ag tabhairt deise duitse, do do theaghlach, do do ghnó nó do d’eagraíocht ról lárnach a imirt sa togra spreagúil seo a bhfuil aird náisiúnta agus idirnáisiúnta tarraingthe aige
Is féidir na bearta urraíochta seo a athnuachan gach trí bliana.
- B’fhéidir gur mhaith leat bríce a cheannach?
- B’fhéidir gur mhaith leat ainm do ghnó nó d’eagraíochta a bheith luaite le seomra nó le gné ar leith den fhoirgneamh?
- Nó b’fhéidir gur mhaith leat bheith i do bhall de ‘Cairde na Cultúrlainne’ le nuachtlitreacha rialta a fháil agus le lascaine a fháil ar iontráil chuig imeachtaí agus ócáidí sóisialta?
Cibé tacaíocht ba mhaith leat a thabhairt, bheadh lúcháir orainn bheith ag obair leat lena chinntiú go dtugtar an t-aitheantas ceart duit as d’ionchur luachmhar inár gcuid brandála agus poiblíochta.
Sna seachtainí beaga atá amach romhainn, beidh muid ag dul i dteagmháil le gnóthaí agus le h-eagraíochtaí le cuireadh a thabhairt duit bhieth páirteach i dturas Aonach Mhacha. Beidh sraith oícheanta eolais á reáchtáil in Eanáir agus Feabhra 2020.