Tháinig Celtic Junction Arts Center le chéile le hAonach Mhacha lena gcairdeas a dhaingniú, le heolas a roinnt agus le bheith páirteach sa chéad Deireadh Seachtaine Gaeilge.
Seachtar a thaisteal ó Ard Mhacha go Minnesota le linn saoire na Cásca.
Le linn a gcuairte thug an toscaireacht cuairt ar an áit a maraíodh George Floyd, chuig Tearmann Ojibe, chuig feirm teiripe capaill darb ainm Inis Fraoigh agus chuig Scoil Breck. Chuir siad ceolchoirmeacha ar fáil, thug siad cainteanna agus ceardlanna agus theagasc siad an Ghaeilge.
‘I Mí Lúnasa 2019, bhí mé ag freastal ar Minnesota Irish Fair nuair a bhuail mé le Patrick O’Donnell (Stiúrthóir Oideachais, CJAC) nuair a bhí an ‘Scaipeadh’ ar siúl sna bomaití deireanacha den fhéile. Ón cruinniú áidh sin, d’fhás malartú iontach cultúir agus cairdis,’ a dúirt Réamonn Ó Ciaráin.
Bhí brí ar leith leis an chairdeas seo in ainneoin go mbíodh an caidreamh ar líne le linn na Paindéime. Buaicphointe amháin a bhí ann go cinnte, an craoladh ar líne den chlár ‘Anamchairde’ mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2020 atá le feiceáil anseo.
Agus an tEarrach buailte linn, le himeacht na sriantáin agus le tacaíocht go leor óna gcairde in Éirinn rinne an grúpa ó Aonach Mhacha agus Traditional Arts Partnership an turas go Naomh Pól, Minnesota le níos mó a fhoghlaim faoin chultúr dúchais agus faoi na teangacha dúchais i Lár-Iarthar SAM.
Cumhacht an Chultúir
‘Tá an-spéis go deo againn plugáil isteach sa chultúr agus oidhreacht shaibhir dhúchais ar Oileán Turtair agus sa chomhbhá atá ag an dá thír maidir leis an choilíneachas go háirithe,’ a dúirt Ó Ciaráin.
Bhí baint ag Deireadh Seachtaine na Gaeilge leis na háiseanna intaofa atá ar fáil ag Celtic Junction Arts Center.
‘Thóg an toscaireacht ó Ard Mhacha a mbuanna agus a saineolas féin leo don chéad chuairt seo: an teanga, stair, léann, ceol, agus rince.’
Curtha le chéile leis na réalta atá cheana féin ag Celtic Junction Arts Center bhí a fhios ag gach duine go mbeadh seachtain den chéad scoth ann.
Tá súil againn go mbeidh Deireadh Seachtaine na Gaeilge ann anois gach bliain go ceann i bhfad.