Aibreán 26, 2021

Féile na Bealtaine 2021

Féile na Bealtaine 1ú – 10ú Bealtaine 2021

 

Beannachtaí ar ár gcairde go léir, Gaeil agus Gall, in Ard Mhacha, in Éirinn agus ar fud na cruinne. I ndiaidh tamaill fhada ag fanacht, tá dáta againn chun ár n-ionad Gaeilge agus ealaíon cultúrtha a athoscailt don phobal – le cuidiú Dé, feicfimid sibh go léir arís ar an 24ú Bealtaine!

Cé go bhfuil muid dírithe go cúramach ar an dáta sin, níl sé ach cúpla seachtain ghearr as seo, agus mar is eol daoibh, ba í Féile na Bealtaine ceann de na dátaí is suntasaí in Éirinn go traidisiúnta, An 1ú Bealtaine, an ceathrú pointe ag marcáil leathbhealaigh idir cónocht an Earraigh agus grianstad an tsamhraidh.

Fógraíonn Bealtaine tús an tsamhraidh – le dóchas agus le soirbheas athnuaite ag teacht le hathfhás agus bláthú na tíre. I mbliana, tá an athmhúscailt sin an-siombalach go deo de réir mar a thosaíonn srianta Covid ag maolú agus daoine ag brionglóid faoi shult a bhaint as na healaíona, faoin chultúr, faoin cheol, faoin spórt, faoi imeachtaí sóisialta agus faoi imeachtaí áineasa, agus faoi chomhrá lán le brí arís! Tá an fhoireann anseo in Aonach Mhacha réidh le dul agus tá muid ag súil go mór le taispeáint daoibh cad é a bhí muid ag déanamh le linn an dianghlasála. Bhí bliain ghnóthach againn cheana féin, agus muid ag infheistiú i soilsiú stiúideo ard-sonrach, trealamh gairmiúil fuaime, scáileáin idirghníomhacha agus svuít meán ordaithe againn.

 

 

Bígí linn agus fanaigí slán sábháilte!

Gearóid Ó Machail
Ard Rúnaí

Nuacht & Meáin

01 Lúnasa

Gaeilge Sa Chlub 2023-2024

Aonach Mhacha
26 Iúil

Dioplóma sa Ghaeilge in Aonach Mhacha

Aonach Mhacha
25 Iúil

Camino Mhacha

Aonach Mhacha