na Samhna 24, 2022

Síniú Leabhair – Bláth na dTulach le Réaltán Ní Leannáin , Seán Ó Muireagáin agus Réamonn Ó Ciaráin

  • Date24th na Samhna
  • Time7pm - 7pm
  • Location
  • Ticket price£0.00

 

 

Is iomaí cruth agus dath ar an ghearrscéal agus tá a shéala sin le feiceáil go soiléir sa díolaim speisialta seo a dhéanann comóradh ar an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha Ultach. Tá scéalta thar a bheith taitneamhach cruinnithe le chéile anseo ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh. Máistir-rang i bhfoirmeacha éagsúla an ghearrscéil atá le fáil idir clúdaigh an fhoilseacháin seo. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dóchais anseo, tá scéalta eile ann a bhfuil an greann agus an brón chun tosaigh iontu, tá cuid de na scéalta fréamhaithe go docht i dtraidisiún an oidis bhéil agus cinn eile a bhfuil foirmlí agus foirmeacha na litríochta nua-aoisí le brath orthu. Is cuma cén áit a dtumfaidh an léitheoir isteach sa leabhar seo, gheofar rud inteacht leis an tsuim a mhúscailt agus leis an chian a thógáil.

Gabh chuig www.blath.ie le theacht ar leagan digiteach de théacs na scéalta agus le héisteacht leis na scéalta á n-aithris ag léitheoirí éagsúla i bpodchraoladh rialta le Réaltán Ní Leannáin dar teideal Bláth na dTulach.

As Béal Feirste ó dhúchas do Réaltán Ní Leannáin. Tá 4 leabhar dá cuid féin i gcló aici, agus is Eagarthóir Liteartha í den díolaim Bláth na dTulach, díolaim a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin in Oireachtas na Gaeilge, 2022. 

Bhí sí ina Scríbhneoir Cónaitheach in Ollscoil Chathair Bhaile átha Cliath i 2019 agus is Scríbhneoir Cónaitheach UNESCO Bhaile Átha Cliath í i láthair na huaire (2021-2022)

Is as Uachtar Cluanaí é Seán Ó Muireagáin. Is duine é a bíos ag scríobh filíochta, amhrán, gearrscéalta agus tá sé san am i láthair ag tabhairt fá úrscéal. Is duine é a bhí ariamh ag gníomh ar son phobal na Gaeilge ar fud na tíre seo, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht. Bhí baint aige le bunú gaelscoileanna sna Sé Chontae, ar feadh beagnach 40 bliain. Tá dúil mhór aige sa cheol ghaelach agus is iomaí oíche a chaith sé le lucht ragairne i dTír Chonaill ag ceol is ag cóisireacht nó ag cleamaireacht le Cleamairí Feirste.

Is as Crois Mhic Lionnáin in Ard Mhacha Theas Réamonn ó Dhúchas. Tá sé ina chónaí in Áth an Mhuilinn anois. Tá breis agus cúig bliana is fiche caite aige ag obair i ngort na Gaeilge le Gael Linn. Agus spéis as cuimse aige sna scéalta ón Rúraíocht, tá trí leabhar foilsithe aige ar Chú Chulainn. Rinneadh aistriúcháin dá chuid ar an Táin agus ar Odaisé de chuid Homer a léiriú mar chuid d’Imram, féile litríochta na Gaeilge. Comhbhunaitheoir é de Flash Fiction Armagh.