Bealtaine 27, 2023

Muireann Nic Amhlaoibh

  • Date27th Bealtaine
  • Time8pm - 11pm
  • Location
  • Ticket price£15.00

Tá lúchair ar Aonach Mhacha, an mórionad cultúrtha, ealaíne agus Gaeilge in Ard Mhacha, le fáilte a chuir roimh RTE Raidió 1 Amhránaí Tíre na Bliana 2022, Muireann Nic Amhlaoibh, ar an Satharn 27ú Bealtaine 2022.

Is éacht ollmhór é seo d’ár ionad anseo in Ard Mhacha agus tá ticéid ag díol go gasta.

Is amhránaí agus ceoltóir traidisiúnta as Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí í Muireann Nic Amhlaoibh. Tá cáil uirthi mar amhránaí an sean-nós agus cannan sí amhráin ó réimse leathan eile chomh maith. Tá mórán gradam bainte amach aici, ina measc Amhránaí na Bliana ag Gradam Ceoil T4 2011 agus Amhránaí na Bliana ag na RTÉ Radio 1 Folk Awards i 2022.

Le linn a hóige in Iarthar Chiarraí tomadh Muireann i dtimpeallacht shaibhir chultúrtha agus i dtraidisiún maireachtála ríthábhachtach, a raibh tionchar an-mhór aige ar bhunús a fuaime sainiúil gutha agus uirlise. Tar éis di máistreacht a fháil i dtaibhsiú an ceoil traidisiúnta, do chaith sí breis agus trí bliana déag mar phríomh-amhránaí agus seinnteoir fliúite leis an ngrúpa mór le rá traidisiúnta Danú.

Is láithreoir teilifíse agus raidió í Muireann do leithéidí RTÉ 1, TG4, RTÉ Radio 1, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC Alba chomh maith, agus cuireann sí a clár féin “Folk on One” i láthair ar RTÉ Radio 1. Bíonn sí ag comhoibriú le go leor ealaíontóirí as seánraí eile agus as traidisiúin amhránaíochta domhanda, a bhfuil spéis mhór aici ann.

Tá Muireann Nic Amhlaoibh ag tabhairt faoi turas ar fud na hÉireann i ndiaidh di ard-mholadh a fháil ar an albam  ‘Róisín ReImagined’- comhoibriú le Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann. Beidh ceoltóirí cáiliúla Gerry O’Beirne (giotár, canadh) agus Dónal O’Connor (fidil, méarchlár, canadh)  ar an ardán léi fosta.

Is bailiúchán d’amhráin tarraingteach agus éagsúil trí Gaeilge agus Béarla é a gceolchoirm chomh maith le ceol uirlise bríomhaire, agus tá cáil ar an tríréad mar gheall ar an dáimh iontach a mbíonn acu lena lucht féachana agus éisteachta.

Beidh Muireann ag déanamh ceolchoirm ag ‘ Other Voices’ ‘Anam’ ar 25ú Bealtaine agus beidh sí le feiceáil ar ‘The Late Late Show’ ar RTÉ 1 ar 26ú Bealtaine.

Is féidir an tríréad a fheiceáil ar The Tommy Tiernan Show’ thíos:

https://www.youtube.com/watch?v=yvd082keClk

“One of the earthiest and most distinctive voices, not just in traditional circles, but anywhere” – The Irish Times

“One of today’s great singers” – Irish Echo

“Mysterious Perfection”- Dónal Lunny

Bookings are closed for this event.