Meán Fómhair 20, 2023

Flook

  • Date20th Meán Fómhair
  • Time7pm - 11pm
  • Location
  • Ticket price£20.00

 

FLOOK

8p.m. Dé Céadaoin 20ú Meán Fómhair

Táille: £20

Doirse oscailte 7:30p.m.

Tá muid ag dúil le ceolchoirm teacht abhaile ollmhór do Brian Finneagan agus Flook!

Tá Ard Mhacha á céiliúradh le fada maidir leis an bhaint atá air le hoidhreacht chúltúrtha agus na healaíona traidisiúnta. Tá neart ceoltóirí, filí, péintéirí agus scríobhneoirí sáite sa chathair agus sa chontae a bhfuil clú agus cáill orthu ar fud an domhan. Is é ceann de na ceoltóirí áitiúla seo ná Brian Finnegan, agus is é Brian ceann de na bhunaitheoirí den ghrúpa clúiteach  bhfuil ardmholadh déanta air, Flook.

Is banna cheoil Anglo-Éireannach é Flook a sheinneann ceol uirlise thraidisiúnta, agus tá cuid mhaith den cheol seo scríofa ag an ghrúpa iad féin. Tá a gcuid ceol sainithe le feadóg mhór agus feadóg stáin gásta, uaireanta greadach, agus rithimí casta ghiotar agus bodrán ar bharr sin. Tá Flook déanta suas de Brian Finnegan, Sarah Allen, Ed Boyd agus John Joe Kelly.

Beidh an bhanna ag seinm san áit dhraíochtúil ‘Amharclann na nDaoine’ [The People’s Theatre], Cultúrlann Aonach Mhacha ar an gCéadaoin 20ú Mheán Fómhair 2023. Níl ach 100 ticéid ar fáil don cheolchoirm dlúth seo agus tá súil go mór leis an ocáid seo.

Is as na traidisiún Gaeilge agus Béarla a fhaigheann Flook a gcuid n-inspioráid. Tá fuaim inmhaíte ar leith ag Flook agus iad ag seinn idir ceol traidisiúnta agus ceol le rithim acústach, le meascán ar leith de mhórchumas teicniciúil, caidreamh ensemble séimh agus samhlaíocht cheoil misniúil agus dána. Is mór an rímháistreacht i measc na baill de Flook, ach tagann an tionchar ar leith atá ag an banna seo ón malartú nádúrtha idir na feadóga móra, stiallóga agus craiceann éagsúla.

Breis agus fiche a seacht mbliana i ndiaidh a gcéad ceolchoirm le chéile, coinníonn Flook orthu ag spreagadh agus ag cuir a gcuid lucht féachanna agus éisteachta faoi dhraíocht. Tháinig a n-albam is déanaí ‘Ancora’ amach in 2019 agus fuair sé ardmholadh ó na léirmheastóirí. Mholadh an albam do dhuais BBC albam ceol tíre na bliana. Léiríonn seo cé go bhfuil a bhfréamhacha sa cheol traidisiúnta tá cáil orthu go fóill mar nuálaí suntasacha ó thaobh an ceol de.

Brian Finnegan – Feadóga agus feadóga móra

Sarah Allen – Feadóga móra agus bosca ceoil

Ed Boyd – Giotár

John Joe Kelly – Bodhrán

Cuireadh Flook ar an gearrliosta don Grúpa ceol tíre is fearr ag duaiseanna ceol tíre RTE Raidió 1 2019. Mholadh ‘Ancora’ don albam is fearr ag duaisanna ceol tíre BBC Raidió 2 2019.

 

“Tour de force return after decade and a half – a luminous reunion ****” – The Irish Times

 

“As vital as ever … class in indeed permanent”  fRoots

 

“Virtuoso playing abounds … the most creative bodhran player on the planet … superb technique plus a genuine feel and some stonking tunes is a powerful recipe” – MOJO

 

“Flook are back with a bang, and better than ever – a very welcome return from one of folk’s finest bands” – Irish Music Magazine

 

“Iconic, ground-breaking, progressive and all-round brilliant” – Lynette Fay, BBC Radio Ulster

 

“Four brilliant musicians. Four times as much brilliant music” – Time Out

This event is fully booked.