- Date31st Iúil
- Time10am - 3pm
- Location
- Ticket price£40.00
Bíonn Gael óga Ard Mhacha agus a dteaghlaigh ag dúil go mór leis an Campa Samhraidh seo gach uile bliain. Tá sonraí faoi Campa Mhacha 2023 curtha amach ag foireann Aonach Mhacha anois! Is é Aonach Mhacha croí lár na Gaeilge, ealaín agus cultúir in Ard Mhacha. Tá 100 spás ar fáil do Campa Mhacha i mbliana. Beidh Campa Mhacha ar siúil ón Luan 29ú Iúil go dtí an Aoine 4ú Lúnasa.
OSCLAÍONN CLÁRÚCHÁN DÉ hAOINE, 26/05/23, 12:00I.N.
17 mbliana ó thosaigh sé, is é príomhaidhm Campa Mhacha ná páistí áitiúla a spreagadh chun a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid taobh amuigh de thimpeallacht na scoile. Mar gheall ar an fás a tháinig ar líon na ndaoine a chuir isteach ar Champa Mhacha le blianta anuas, bhí orainn an Campa a scaireadh ina dhá fo-Champa. Cuireadh páistí isteach sa fo-champa ag bráth ar aois. Cuireadh páistí Rang 1 – Rang 3 isteach in Campa 1 agus cuireadh páistí Rang 4 – Rang 7 isteach in Campa 2. Tabharfar tús áite do páistí Rang 1 – Rang 7 i mbunscoileanna i gContae Ard Mhacha, le spásanna ar bith eile atá fágtha ag dul go dtí páistí a bhfuil tuiscint mhaith acu ar an Ghaeilge ón bhaile agus páistí bunscoile sna contaetha máguaird.
Ba chóir de tuismitheoirí agus caomhnóirí a bhfuil páistí acu sa bunscoil tabhairt faoi deara go raibh na spásanna uilig líonta go luath i ndiaidh dúinn ráiteas a chuir amach faoi anuraidh. Mar gheall ar sin, mholtar áiteanna a chuir in áirithe chomh luath agus is féidir sin a dhéanamh thíos. Beidh liosta feithimh ann do dhuine ar bith a chaileann amach ar spás a fháil. Más rud é go bhfuil spás ag duine éigin agus ní féidir leo freastal ar an champa níos mó, tugadh an spás sin do páiste ar an liosta feithimh.
Beidh Cultúrlann Anoach Mhacha an príomh áit d’imeachtaí Campa Mhacha 2023. Beidh deis ag na páistí páirt a ghlacadh i réimse leathan d’imeachtaí, ina measc, ceardlanna dráma agus ceol, lá lán le spraoi ag an ‘Giants’ Lair’ ar Sliabh gCuillinn, turas go dtí feirm peataireachta Dyan Mill, ag déanamh taighde eolaíochta ag Pláinéadlann Ard Mhacha agus traenáil ag Scoil na Laochra Celtigh ag Eamhain Mhacha. Ar a bharr sin, beidh deis ag na páistí seisiúin traenála iománaíochta agus camógaíochta a dhéanamh le cóitseálaithe ón CLG, ceardlann ealaíona agus ceardaíocht Ceilteach, tóraíocht taisce agus neart imeachtaí eile a dhéanamh. Beidh na ceardlanna, turais agus caidreamh uilig leis na páistí déanta trí Gaeilge.
Ar an lá deireanach den Champa, oibreoidh na páistí lenár múinteoirí agus ceoltóirí le ceolchoirm a chuir le chéile do teaghlaigh agus cuairteoirí le críoch a chuir le Campa Mhacha 2023.
Tá foireann tiománta agus díograiseach ag Campa Mhacha le idir múinteoirí, oibrithe óige agus foireann forbairt phobail a bhfuil táithí na mblianta acu ag cuir tionscadal fóillíochta ar siúil do dhaoine óga. Tá foireann againn atá cáilithe agus oilte ag leibhéal proifisiúnta agus a bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu uilig de réir reachtaíocht.
Ta Campa Mhacha buíoch as cuidiú airgeadais agus urraíocht as an Údarás Oideachais, Aonach Mhacha, SEACHT, Caifé Mhacha, CFNI, agus Foras na Gaeilge.
Le tuilleadh eolas a fháil, déan teagmháil le Ciarán ag failte@aonachmhacha.com nó ar an ghuthán ag 028 37998111.
This event is fully booked.