- Date7th Lúnasa
- Time12am - 11pm
- Location
- Ticket price£0.00
Reáchtáladh an chéad Camino Mhacha ag Féile Lúnasa 2020, siúlóid 25.5 míle trí cheantar atá ar maos sa mhiotaseolaíocht agus sa litríocht. Ag leanúint coiscéimeanna Chú Chulainn, tosaíonn Camino Mhacha i bhFáinne Cnoc Shliabh gCuillinn, ceantar sár-áilleachta nádúrtha, agus na siúlóirí ag imeacht ó shráidbhaile An Mhullaigh Bháin. Casfaidh an Camino trí ghleannta agus trí chnoic atá suite i dtírdhreach atá fíor-álainn ar fad agus an-saibhir ó thaobh an dúlra de. Críochnóidh an tsiúlóid i gCathair Ard Mhacha áit a mbeidh féasta na laoch ag fanacht leo.
Ócáid bhliantúil í anois Camino Mhacha atá eagraithe ag Aonach Mhacha, Cultúrlann úr i gcroílár Chathair Ard Mhacha agus rachaidh an t-airgead ó na táillí iontrála chun sochair an ionaid sin.
Iarrtar ar shiúlóirí airgead a ardú iad féin agus smaoineamh ar Aonach Mhacha mar fhaighteoir fiúntach don airgead a ardófar ach níl cosc ar airgead a ardú do charthanachtaí eile.