Is í an Ghaeilge an teanga scríofa is ársa in Iarthar na hEorpa agus is í an ghnáth-theanga laethúil í i nGaeltacht Dhún na nGall go fóill. Eispéireas ar leith é an teanga ársa seo á chluinstin á labhairt ag muintir na háite agus iad ag gabháil do ghnáthchúrsaí an lae.
Ar an tseachtain seo caite, thairg CAIRDE Teo, i gcomhar le Go Visit Donegal, deis d’fhoghlaimeoirí Gaeilge as Ard Mhacha cuid de radhairc shuntasacha na Gaeltachta a fheiceáil, a gcuid Gaeilge féin a chleachtadh agus blaiseadh a fháil de cheol, rince agus traidisiúin an iarthuaiscirt a fháil.
Tá roinnt bailte, sráidbhailte agus oileáin sa Ghaeltacht – agus díreach i gcroílár an cheantair, tá sléibhte draíochtúil Dhoire Bheatha leis an Earagail ag seasamh mar an phointe is airde sa chontae sa lár. Ba ansin a chuir muintir Ard Mhacha tús lena dturas chuig Croílár na Gaeltachta. Ag teacht le chéile ag Páirc Náisiúnt Ghleann Beatha, fuair na cuairteoirí turas thart ar Chaisleán Ghleann Beatha, teach mór ón 19ú aois atá suite ar bhruach an locha, a bhfuil gairdíní áille agus coill ghalánta thart air.
I ndiaidh lóin dheas ag bun na sléibhte, chuaigh dream Ard Mhacha ar aghaidh go croílár pharóiste Ghaoth Dobhair atá ar cheann de na ceantair is láidre sa tír ó thaobh labhairt na Gaeilge. Thug siad suntas sa radharcra dochreidte fá Dhún Lúiche, fá Chloich Cheann Fhaola agus fá Chnoc Fola.
Lonnraigh oileáin ghalánta Dhún na nGall ar an lá agus na cuairteoirí ag taisteal thart ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin agus radhairc ar Ghabhla, ar Inis Bó Finne agus ar Thoraigh. Seoid na Gaeltachta atá sna hoileáin agus d’fhoghlaim muintir Ard Mhacha faoi stair agus seanchas na n-oileán.
Ní féidir cuairt a thabhairt ar an Ghaeltacht gan bualach isteach ar thábhairne iomráiteach Leo, baile dúchais chlann Uí Bhraonáin, Clannad agus Enya. Bhain muintir Ard Mhacha ardsult as an chuairt ar an teach tábhairne agus go háirithe as ceol na háite, sular phill siad abhaile.
Agus ardlá acu ar ‘Eispéireas na Gaeltachta’, tá neart acu i ndiaidh clárú cheana féin don chéad cheann eile den tsraith turasanna d’fhoghlaimeoirí fásta a bheas á h-eagrú ag CAIRDE Teo. Tá an lucht eagraithe buíoch do ‘Go Visit Donegal’ as an chomhobair, le Páirc Náisiúnta Ghleann Beatha, le Teach Tábhairne Leo agus le Grange Bus Hire, a chinntigh eispéireas iontach do na h-aíonna.
Más mian leat níos mó a fháil amach faoi obair CAIRDE Teo, is féidir clárú fá choinne níos mó eolais ar www.cairdeteo.com.