Dé Sathairn 9/10/21 @ 8pm
Ticéid: https://bit.ly/3En3gxO
Is Iomaí Rud a Tharla – the story of the Shaw’s Road Gaeltacht’ le Nuala Ní Neill
“Is Iomaí Rud a Tharla – the story of the Shaw’s Road Gaeltacht” le Nuala Ní Néill Tá Aisling Ghéar ag tabhairt ar ais chun stáitse a léiriú den dráma “Is Iomaí Rud a Tharla – the story of the Shaw’s Road Gaeltacht’ a léiríodh don chéad uair i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus ag Turas i Misean Bhéal Feirste Thóir in 2019. Deir Bainisteoir Ginearálta Aisling Ghéar, Carrie Anne McAlonan Mc Crudden, “Tá muid iontach bródúil as an seó seo. Freagracht ollmhór ba é léiriú ceart a dhéanamh ar an réabhlóid shóisialta fíorthábhachtach seo a thit amach i gcathair Bhéal Feirste. Castar fíor-laochra na chéad Ghaeltachta uirbí in Éirinn orainn chóir a bheith gach lá. Mar sin de, níl brú ar bith orainn!” Leanann an scéal inspioráideach seo lánúin óg amháin agus iad ag titim i ngrá, ag pósadh agus ag cur tús lena n-aisling a muirín a thógáil le Gaeilge agus iad mar bhaill de Ghaeltacht Bhóthar Seoighe.
Is scéal domhanda é Is Iomaí Rud a Tharla a léiríonn go dtig le “gnáth”dhaoine tabhairt faoi rudaí neamhghnácha agus iad a bhaint amach. R McMillen, Irish News
Ticéid: https://bit.ly/3En3gxO