Iúil 26, 2023

Dioplóma sa Ghaeilge in Aonach Mhacha

             

 

*Má bhí deacracht agat leis an nasc do hOllscoil Uladh, tá sé ag obair anois thíos.

Tá rímead an domhain ag Aonach Mhacha chun a fhogairt go mbeidh daoine in ann Cúrsa Dioplóma a dhéanamh sa Ghaeilge in Ard Mhacha. Failtíonn muid an deis iontach nua seo go dtí ár gCultúrlann a bhfuil lonnaithe i gcroílár Cáthair Ard Mhacha. Tá an chúrsa seo in éineacht le hOllscoil Uladh, an ollscoil is fearr le haghaidh sásamh na mac léinn i dTuaisceart na hÉireann.

Leis an chúrsa 2 bhliana seo, gheobhaidh tú na mílte déiseanna agus roghanna gairmeacha. Téigh isteach chuig an chúrsa structúrtha seo agus cuir tús le do thuras isteach inár dteanga áláinn. Tá clú agus cáil ar an chúrsa seo le haghaidh sár-muinteoireachta agus an béim curtha ar Gaeilge Uladh. Beidh tú in ann do scileanna teanga a fheabhsú i ngrúpaí agus aiseolas leanúnach a fháil ó na léachtóirí. Tugann an chúrsa seo buneolas ar fuaimniú, gramadach, comhrá, léamh agus scríobhnóireacht. Chomh luath is atá an chúrsa seo déanta agat, tá na scileanna agat chun staidéir  a dhéanamh ar léibhéal na céime.

Beidh tú sáite i bpobal na Gaeilge agus cothóidh tú muinín sa Ghaeilge labhartha agus tú ag tabhairt cuairt ar ár gceantair Gaeltachta. Tugann an Dioplóma seo na céad céimeanna duit chun an teanga a labhairt. Chuaigh go leor iardhaltaí ar aghaidh chuig róil a bhfuil ardmhéas orthu cósúil le léiritheoir agus iriseoir le TG4, BBC agus Ráidió Fáilte. Cuifidh an déis seo an teanga chun tosaigh in Ard Mhacha agus sna ceantair máguaird

Má tá suim agat staidéar a dhéanamh ar an deis iontach seo tá tuilleadh eolais ar an chúrsa é féin agus clárúchán don chúrsa ar fáil ag https://www.ulster.ac.uk/courses/202324/irish-language-31049

Is féidir dul i dteagmháil le Dr Gearóid Ó Domagáin ag g.domagain@ulster.ac.uk nó 028 95367480.

Beidh ranganna ar siúl gach Luan in Aonach Mhacha ó 6-9pm.

Nuacht & Meáin

01 Lúnasa

Gaeilge Sa Chlub 2023-2024

Aonach Mhacha
25 Iúil

Camino Mhacha

Aonach Mhacha
13 Meitheamh

Druidte do Saoire an tSamhraidh

Aonach Mhacha