Deireadh Fomhair 24, 2019

Dianchúsaí Gaeilge ar na bacáin

Reachtálfar dianchúsaí Gaeilge sa Pháirc Lúthchleasa in Ard Mhacha Dé Sathairn 16 Samhain. Agus ardú mór i líon na ndaoine atá ag freastal ar ranganna oíche in Ard Mhacha, tá Cairde Teo agus CLG Ard Mhacha ag cur deis ar fáil do níos mó daoine an Ghaeilge a fhoghlaim den chéad uair nó cur lena scileanna teanga. Beidh ranganna ann do thosaitheoirí, foghlaimeoirí idirmheánacha agus cainteoirí ardranga agus beidh siad ar siúl sa Cheannáras ó 10.30am go 3.30pm. Clúdaíonn an costas £10 lón. Tá fáilte roimh dhuine ar bith freastal ar na cúrsaí agus má tá suim agat bheith i láthair, is féidir teagmháil a dhéanamh le sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229.

Tá borradh mór faoi chúrsaí Gaeilge in Ard Mhacha faoi láthair agus corradh is céad foghlaimeoir de gach leibhéal líofachta ag freastal ar seacht rang seachtainiúil sa chathair. Bíonn na ranganna ar siúl i mBeár an Iarnróid oíche Luain agus i gColáiste Chaitríona oíche Chéadaoine. Ar na mallaibh, ghlac Cairde Teo páirt i gcuriarracht domhanda i gcomhar le grúpaí ó achan chearn den domhain leis an chomhrá Gaeilge is faide achar a reáchtáil. Mar chuid den chomhrá ar líne, Comhrá ’19, bhí foghlaimeoirí agus Gaeilgeoirí líofa ón tSeapáin, ón Rúis, ó Mheiriceá Thuaidh, ón Astráil agus ó cheann ceann na hÉireann páirteach sa chomhrá a mhair trí lá.

Tagann an tsuim athnuaite seo ag am a bhfuil Gaeil Ard Mhacha ag tnúth go mór le fáilte a chur roimh an lárionad úrnua Gaeilge ag an Seamlas. Tá Gaeil ar fud na cathrach agus an chontae agus ar fud na hÉireann féin ag dréim go mór le h-oscailt Aonach Mhacha go luath sa bhliain úr. Agus an dlaoimhullaigh á chur ar an fhoirgneamh faoi láthair atá suite ar shuíomh an seanstaisiúin dóiteáin, tá foireann Aonach Mhacha ag obair go dian le clár ranganna, gníomhaíochtaí agus imeachtaí a chur sa tsiúl a chuirfeas fáilte roimh an phobal ar fad. Sa lárionad úr, beidh roinnt eagraíochtaí teanga agus cultúir, chomh maith le siopa bronntanas, caifélann, amharclann, seomraí ranga agus cruinnithe, chomh maith le spás ardghradaim taispeántas agus comhdhála a thugann radharcanna iontacha ar an dá ardeaglais againn.

Nuacht & Meáin

01 Lúnasa

Gaeilge Sa Chlub 2023-2024

Aonach Mhacha
26 Iúil

Dioplóma sa Ghaeilge in Aonach Mhacha

Aonach Mhacha
25 Iúil

Camino Mhacha

Aonach Mhacha