Nach aoibhinn beatha an scoláire!
Bhí áthas orainn fáilte a chur roimh Ghaeilgeoirí Ardscoil Naomh Pól agus iad ag foghlaim faoi na deiseanna fostaíochta le Gaeilge. Gabhann muid buíochas ó chroí le Niamh ó Aonach Mhacha, Clare ó Cleamairí Ard Mhacha agus Tara agus Alexandra ó Raidió Fáilte as a bheith ag labhairt leis na daltaí agus léargas a thabhairt dóibh ar an obair a dhéanann siad.