Tá fás leanúnach ar an éileamh fá choinne seirbhísí óige Gaeilge in Ard Mhacha agus Cairde Teo I ndiaidh club óige nua a oscailt do dhaoine óga ar aois iarbhunscoile. Freastalaíonn na clubanna, a fhaigheann páirtmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus ó Rannóg Sheirbhísí Óige an Údaráis Oideachais, freastalaíonn siad ar dhaltaí atá ag an Sruth Gaeilge i gColáiste Chaitríona agus ar iardhaltaí Gaelscoile atá anois ar mheánscoil Béarla. Reáchtálfar an club, atá á eagrú i gcomhpháirt le Fóram na nÓg, scáthghrúpa do chlubanna óige Gaeilge in oirthuaisceart na hÉireann, gach Céadaoin ó 8pm in Áisionad Bhóthar na hArdeaglaise. Beidh roinnt clár suimiúil spraíúil ar siúl ag an chlub, chomh maith le cúpla turas agus malartán óige i rith na bliana.
Leanann an club óige úr, Cumann na nDéagóirí, leanann sé Club Óige Ard Mhacha, a fhreastalaíonn ar pháistí idir Rang 4 agus Rang 7. Bíonn an club óige se oar siúl Déardaoin agus tá fás mór ar líon na mball i mbliana, a bhuí le baill ag scaipeadh an scéil faoi chlár ilghnéitheach na n-imeachtaí agus réimse na dturas lae agus cuairteanna le linn na bliana. D’eagraigh an club ceiliúradh ar Lá Eorpach na dTeangacha ar na mallaibh agus ghlac na páistí páirt i gceardlann sa teanga comharthaíochta inar fhoghlaim siad beannachtaí bunúsacha agus an dóigh lena n-ainmneacha a litriú san ISL. Bíonn neart cluichí, spóirt agus ealaíon ar siúl gach seachtain agus tá ceardlanna eile á mbeartú acu ar theangacha agus ar chultúir ó achan chearn den domhan, ar dhúlra áitiúil agus ar oidhreacht Cheilteach Ard Mhacha.
Tá an dá club á reáchtáil ag roinnt oibrithe óige láncháilithe, ag múinteoirí, agus ag gníomhaithe pobail le cuidiú ó roinnt Gaeilgeoirí óga as Ard Mhacha. Eagraítear na clubanna i gcomhpháirt le Fóram na nÓg agus leis an eagras náisiúnta don óige, Ógras, agus bíonn siad beirt ar siúl ag Áisionad Bhóthar na hArdeaglaise. Tá Cairde Teo ag tabhairt cuireadh do bhaill úra clárú leis na clubanna óige agus le páirt a ghlacadh i gclár spreagúil imeachtaí trí mheán na Gaeilge. Bíonn Cumann na nDéagóirí ar siúl ó 8pm gach Céádaoin agus bíonn Club Óige Ard Mhacha ar siúl gach Déardaoin idir 6.30pm agus 8pm.