Tá atheagrú le déanamh ar Camino Mhacha.
Tá eagraithe Camino Mhacha an-tiomanta don tsiúlóid dúlra & oidhreachta seo agus ba mhaith leo í a fhorbairt agus a láidriú. Measann siad gur oir an dáta a roghnaíodh don chéad trí bliana, 2020 – 2022, ach go bhfuil barraíocht eile ag titim amach anois ag tús Lúnasa.
Ba mhaith le hAonach Mhacha grúpa oibre a chur le chéile le Camino Mhacha a chur chun cinn & fuinneamh úr a chur isteach san imeacht ag am a oireann don líon is mó daoine.
Reáchtáladh an chéad Camino Mhacha ag Féile Lúnasa 2020, siúlóid 25.5 míle trí cheantar atá ar maos sa mhiotaseolaíocht agus sa litríocht. Ag leanúint coiscéimeanna Chú Chulainn, tosaíonn Camino Mhacha i bhFáinne Cnoc Shliabh gCuillinn, ceantar sár-áilleachta nádúrtha, agus na siúlóirí ag imeacht ó shráidbhaile An Mhullaigh Bháin. Casann Camino Mhacha trí ghleannta agus trí chnoic atá suite i dtírdhreach atá fíor-álainn ar fad agus an-saibhir ó thaobh an dúlra de. Críochnaíonn an tsiúlóid i gCathair Ard Mhacha áit a mbíonn féasta na laoch ag fanacht le siúlóirí.
Más spéis leat a bheith ar an ghrúpa oibre nó má tá tuairimí ar mhaith leat roinnt linn is féidir teagmháil a dhéanamh ag an rphost caminomhacha@gmail.com