Bealtaine 12, 2022

CAMINO MHACHA 2022

 

 

 

Camino Mhacha, Domhnach 7 Lúnasa 2022 – Ar an chéad Domhnach I Mí Lúnasa mar chuid Féile Lúnasa eagrófar Camino Mhacha, siúlóid 25.5 míle trí cheantar atá ar maos sa mhiotaseolaíocht agus sa litríocht. Ag leanúint coiscéimeanna Chú Chulainn, tosaíonn Camino Mhacha i bhFáinne Cnoc Shliabh gCuillinn, ceantar sár-áilleachta nádúrtha, agus na siúlóirí ag imeacht ó shráidbhaile An Mhullaigh Bháin. Casfaidh an Camino trí ghleannta agus trí chnoic atá suite i dtírdhreach atá fíor-álainn ar fad agus an-saibhir ó thaobh an dúlra de. Críochnóidh an tsiúlóid i gCathair Ard Mhacha áit a mbeidh féasta na laoch ag fanacht leo.

 

Ócáid bhliantúil í anois Camino Mhacha atá eagraithe ag Aonach Mhacha, Cultúrlann úr i gcroílár Chathair Ard Mhacha agus rachaidh an t-airgead ó na táillí iontrála, £120, chun sochair an ionaid sin. Urraithe ag Foras na Gaeilge.

Tuilleadh eolais: rkieran31@gmail.com

Nuacht & Meáin

01 Lúnasa

Gaeilge Sa Chlub 2023-2024

Aonach Mhacha
26 Iúil

Dioplóma sa Ghaeilge in Aonach Mhacha

Aonach Mhacha
25 Iúil

Camino Mhacha

Aonach Mhacha