Iúil 14, 2022

Camino Mhacha 2022 – An siúlfaidh tú linn?

 

Ar 7 Lá de Mhí Lúnasa i mbliana tar linn ar thuras speisialta ag taisteal i gcoiscéimeanna Chú Chulainn, príomhlaoch Uladh. Rachaidh Camino Mhacha ar chamchuairt ón Mhullach Bhán ag Bun Shliabh gCuillinn, ceantar sár-áilleachta nádúrtha, aneas go Cathair Ard Mhacha, príomhchathair eaglasta na hÉireann.

Reáchtáladh an chéad Camino Mhacha ag Féile Lúnasa 2020, siúlóid 25.5 míle trí cheantar atá ar maos sa mhiotaseolaíocht agus sa litríocht. Ag leanúint coiscéimeanna Chú Chulainn, tosaíonn Camino Mhacha i bhFáinne Cnoc Shliabh gCuillinn,  ceantar sár-áilleachta nádúrtha, agus na siúlóirí ag imeacht ó shráidbhaile An Mhullaigh Bháin. Casfaidh an Camino trí ghleannta agus trí chnoic atá suite i dtírdhreach atá fíor-álainn ar fad agus an-saibhir ó thaobh an dúlra de. Críochnóidh an tsiúlóid i gCathair Ard Mhacha áit a mbeidh féasta na laoch ag fanacht leo.

Ócáid bhliantúil í anois Camino Mhacha atá eagraithe ag Aonach Mhacha, Cultúrlann úr i gcroílár Chathair Ard Mhacha agus rachaidh an t-airgead ó na táillí iontrála chun sochair an ionaid sin.

Ní hócáid tiomsaithe airgid é Camino Mhacha. Is féidir áfach le siúlóirí airgead a ardú iad féin agus smaoineamh ar Aonach Mhacha mar fhaighteoir fiúntach don airgead a ardófar ach níl cosc ar airgead a ardú do charthanachtaí eile.

Tosóidh an clárú do Camino Mhacha i Mí na Bealtaine 2022. Beidh táille £120 le híoc le híoc agus clúdóidh é seo an costas a bhaineann le smailceacha éadroma ar an bhealach, féasta na laoch i gCathair Ard Mhacha agus t-léine chuimhneacháin Camino Mhacha.

Siúlóid 25.5 míle atá i gceist agus ní mór do rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar a leibhéal féin aclaíochta agus sláinte sula nglacfaidh siad páirt sa tsiúlóid seo.

Ní mór tabhairt faoi deara, trí aontú páirt a ghlacadh san imeacht seo, aontíonn tú cloí le téarmaí agus coinníollacha an lucht eagraithe agus glacadh le comhairle na maor ar lá an Camino.

 

Nasc clárúcháin  : https://caminomhacha.com/register/

 

 

Nuacht & Meáin

15 Iúil

AG GLAOCH AR GACH ÚINÉIR MADRA!

Aonacha Mhacha
21 Meitheamh

Seoladh leabhair ‘Gael Linn i gCúige Uladh: Slis den Saol 1953-1970’ Le Pádraig Ó Baoighill

Aonacha Mhacha

Sárcheolchoirm le Máirtín O Connor , Cathal Hayden agus Kevin Doherty i gCultúrlann Aonach Mhacha

Aonacha Mhacha