‘Cuidigh linn todhchaí na Gaeilge in Ard Mhacha a láidriú’
Ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh lenár mbuíochas a ghabháil le gach duine a chuidigh lenár bhfeachtas ‘Ceannaigh Bríce’ i gCultúrlann Aonach Mhacha. Is mór againn bhur gcuidiú agus i ndiaidh chúiseanna nach raibh súil leo , tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil ár bhfeachtas tiomsaithe airgid á athsheoladh!
Tá a thacaíocht d’Aonach Mhacha curtha in iúl ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, a rinne eochair-thagairt don ionad úr álainn agus é ag tabhairt óráide d’ionadaithe tofa pobail agus do lucht tionchair sa chomhphobal nuair a thug sé cuairt ar Ard Mhacha.
Anois tá deis agatsa, ag do theaghlach, ag do ghnó nó ag d’eagraíocht a bheith páirteach sa réabhlóid chultúrtha a bhfuil aird náisiúnta agus idirnáisiúnta tarraingthe uirthi.
Tá Aonach Mhacha ag cur deis ar fáil duit ‘Bríce a cheannach’ sa chultúrlann a bhfuil amniúchán faighte aici do dhuais ailtreachta.
Beidh d’ainm agus/nó lógó do chomhlachta ar taispeáint go soléir taobh istigh den fhoirgneamh le do thacaíocht a léiriú don fhorbairt do lucht féachana as an chomharsanacht agus do chuairteoirí ó thimpeall an Domhain.
Daoine Aonair: £100
Teaghlaigh: £250
Gnóthaí/ Eagraíochtaí: £500
Bí i dteagmháil le failte@aonachmhacha.com nó 028 3799 8111 agus beidh duine ónar bhfoireann i dteagmháil go luath leat.
Aonach Mhacha – Ag labhairt do theanga!