Tá Aonach Mhacha ag earcú siúlóirí le tabhairt faoi Chamino Mhacha, siulóid urraithe ó Thí Chulainn, ar an Mhullach Bhán, go hEamhain Mhacha, taobh amuigh de Chathair Ard Mhacha (22 míle). Siúlfaidh lucht an Camino i gcoiscéimeanna Chú Chulainn agus é ag pilleadh i ndiaidh a chuid gaiscí ar Eamhain Mhacha. Ba é Cú Chulainn príomhlaoch na Craoibhe Rua agus cosantóir clúiteach Uladh.
Beidh siúlóirí Camino Mhacha ag tógáil airgid d’Aonach Mhacha, lár-ionad Gaeilge agus ealaíon i gCathair Ard Mhacha. I Mí an Mhárta 2020 a d’oscail Aonach Mhacha, ina mbeidh réimse leathan seirbhísí agus imeachtaí ar fáil dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, sna healaíona agus san oidhreacht Ghaelach. Beidh Camino Mhacha ar siúl i mbliana Dé Sathairn 1ú Lúnasa 2020 mar chuid d’Fhéile Lúnasa. Sula dtosóidh an Camino, íosfaidh siúlóirí ‘Bricfeasta an Laoich’ in Aonach Mhacha agus tógfaidh bus iad go Tí Chulainn. Tá sé i gceist Camino Mhacha a shiúl go bliantúil. Tá an tsiúlóid seo luaite sa Rúraíocht, scéalta miotais Uladh, agus ba mhaith le lucht eagraithe Camino Mhacha beatha úr a chur sna scéalta ársa seo tríd an oilithreacht mhiotaseolaíoch seo. Beidh ‘Féasta an Laoich’ ar siúl nuair a bhainfidh lucht Camino Mhacha Ard Mhacha amach le cairde agus le lucht tacaíochta. Le clárú/le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Réamonn: rkieran31@gmail.com 07711689665