Ó thobar domhain ársa a tharraing Manchán Magan an tsaíocht a roinn sé leis an chuideachta in Aonach Mhach. Saíocht ár sean a chuir blas draíochtúil ar an arán & ar an im a rinne sé dúinn go fial.
Is taibhiú drámaíochta é Arán & Im ina mbácálann Manchán arán taois ghéir ar feadh 70 nóiméad fad is a thugann sé léargas ar iontaisí na Gaeilge – agus é ag ceiliúradh focail mhealltacha a bhaineann leis an tírdhreach, téarmaí i dtaca le hiomas agus léirstean, agus an iliomad nathanna a thugann beocht do chumhacht agus mistéir an tsaoil nádúrtha.