Déantar athinfheistiú ar gach airgead a thagann ó ghníomhaíochtaí trádála Aonach Mhacha i dtograí eile sa chultúrlann agus i dtograí cultúrtha, sóisialta, ealaíne, oideachais, treanála agus fostaíochta in Ard Mhacha.
Tá Aonach Mhacha lonnaithe ag suíomh an seanstáisiúin dóiteáin i gcroílár stairiúil Ard Mhacha agus osclaíodh i mí an Mhárta 2020 é mar lárionad Gaeilge agus cultúir.
Athfhorbairt thábhachtach i gceantar an tSeamlais in Ard Mhacha í Aonach Mhacha agus cuirfidh an chultúrlann go mór le saol cultúrtha agus sóisialta cheantar ‘Ceathrún na hArdeaglaise’ nó ‘An SeanBhaile’, rud a fhágfas go mbeidh an ceantar níos sábháilte agus tarraingtí ag muintir na háite, ag cuairteoirí agus ag turasóirí. Neartóidh Aonach Mhacha geilleagar an cheantair fosta nó cruthófar gnó do bhialanna agus do thithe tábhairne sa cheantar trí sheirbhísí a chur ar fáil don lárionad i rith féiltí, ceolchoirmeacha, comhdhálacha agus imeachtaí eile.
Reáchtálfar tionscadail oideachais, ealaíne, siamsaíochta agus forbartha pobail san ionad i rith na bliana fosta.
Seo a leanas cuspóirí Aonach Mhacha:
- Feasacht agus grá ar chultúr na nGael a chothú tríd an Ghaeilge, an ceol Gaelach, drámaíocht, filíocht, litríocht, ealaíon, spóirt agus stair shóisialta a chur chun cinn;
- Feasacht agus rannpháirtíocht in oidhreacht, stair, geilleagar, nósanna agus traidisiúin Ard Mhacha a spreagadh;
- Rannpháirtíocht sna h-ealaíona traidisiúnta agus in imeachtaí cultúrtha Gaelacha a spreagadh trí cheardlanna, ranganna, siamsaíocht agus imeachtaí eile a spreagadh;
- Áiseanna agus tacaíocht a chur ar fáil do thionscnaimh chultúrtha, do scoileanna, do ghrúpaí pobail agus d’eagraíochtaí mionteangacha eile;
- Deiseanna oiliúna agus fostaíochta a chur ar fáil; an turasóireacht chultúrtha a fhorbairt; ionad cultúir a reáchtáil agus a bhainistiú.
Ár nAisling
Le tógáil Aonach Mhacha rinneadh athfhorbairt ar chuid de Chathair Ard Macha. Déanfar forbairt bhreise ar an dorchla cultúir a ritheann idir An Seamlás agus ‘Ceathrú na hArdeaglaise’ nó ‘Seanbhaile’ – ag déanamh an ceantair níos tarraingtí don chuairteoir agus don áitritheoir agus ag cur go mór le heacnamaíocht sa chathair.
Is suntasach an t-ainm a roghnaíodh don chultúrlann nua, Aonach Mhacha, a thagann ó na haonaigh mhóra a bhíodh ag ár sinsear ón chian-aimsir.
Ag na tionóil mhóra seo pléadh gnoithe an chúige agus leoga gnoithe na tíre; cúrsaí dlí, geilleagair, polaitíochta agus sóisialta. Bhíodh Aonach tábhachtach den tsórt seo san áit a bhfuil Cathair Ard Mhacha inniu cóngarach d’Eamhain Mhacha de réir scoláirí. Mhaireadh na haonaigh seo suas le trí seachtaine agus tharlódh siad trí nó ceithre huaire sa bhliain.